Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála do cheantar an Chabháin agus Mhuineacháin í Heather Humphreys. Tá sí ina ball d'Fhine Gael.
Ceapadh ina hAire Gaeltachta í sa bhliain 2014 in áit Jimmy Deenihan, cé nach raibh aon Ghaeilge aici.
Tarraingíodh conspóid ar seal san oifig sin di de bharr easpa Gaeilge agus gníomhartha áirithe a samhlaíodh iad a bheith i gcoinne na Gaeilge.
Sheas Humphreys in Olltoghchán 2016 agus d'éirigh léi ann le 20.8% de na vótaí céad rogha.
© MMXXIII Rich X Search. We shall prevail. All rights reserved. Rich X Search